Cork City Council Consultation on the Residential Zoned Land Tax Map

Oscailte1 Fea, 2024, 10:00am - 31 Bea, 2024, 12:59am

Primary tabs

 

Sainaithint talún atá faoi dhliteanas CTCC

Tá dréacht-léarscáil bhliantúil ullmhaithe ag Comhairle Cathrach Chorcaí den talamh a mheastar a bheith faoi raon feidhme CTCC amhail ón 1 Eanáir 2024.

Tá an dréacht-léarscáil bhliantúil ar fáil anseo agus ag [suíomhanna na hoifige poiblí].

Féadfaidh aon phearsana nó páirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an dréacht-léarscáil bhliantúil. Pléitear leis seo ar bhealach níos mionsonraithe thíos.

Tabhair faoi deara, le do thoil, cé go bhfuil siad san áireamh ar an léarscáil, nach bhfuil maoin chónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil. Ní gá aighneacht a dhéanamh chun an cineál seo maoine cónaithe a bhaint den léarscáil.

Is féidir leis an bpobal aighneachtaí a dhéanamh ar an dréacht-léarscáil bhliantúil ón 1 Feabhra 2024 go dtí an 1 Aibreán 2024. Is féidir leis na haighneachtaí seo

  • ceartúchán a mholadh ar an dréacht-léarscáil bliantúil um Cháin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe má cheapann siad nach gcomhlíonann an talamh atá ar an léarscáil na critéir;
  • ceartú a mholadh ar an dáta a chomhlíon talamh na critéir den chéad uair;
  • tacú le heisiamh a gcuid talún i gcás ina sainaithnítear ar an léarscáil go bhfuil sé beartaithe ag an údarás áitiúil talamh den sórt sin a eisiamh ón léarscáil bhliantúil deiridh le haghaidh 2025, a fhoilseofar an 31 Eanáir 2025 nó roimhe sin; agus/nó
  • a mholadh go gcuirfí talamh san áireamh, nach bhfuil sainaitheanta ar an léarscáil, má mheastar go gcomhlíonann talamh den sórt sin na critéir.

Féadfaidh úinéirí talún a iarraidh go n-athrófar criosú a gcuid talún faoin 31 Bealtaine 2024, i gcás ina sainaithnítear an talamh sin ar dhréacht-léarscáil bhliantúil.

Talamh atá le feiceáil ar na dréacht-léarscáileanna bliantúla, arna leasú chun toradh na n-aighneachtaí agus na n-iarratas athchriosaithe a rinneadh i leith na talún ar na léarscáileanna sin a chur san áireamh, áireofar é ar an léarscáil bhliantúil deiridh talún atá faoi raon feidhme na cánach i limistéar an údaráis áitiúil a fhoilseofar an 31 Eanáir 2025. Beidh an talamh sin faoi réir na cánach i 2025 ach amháin má tá sé díolmhaithe mar mhaoin chónaithe, mar a leagtar amach thuas, nó mura gcáilíonn sé d’aon díolúine eile, mar a fhoráiltear sa reachtaíocht.

Áirítear ar léarscáil CTCC mar atá ullmhaithe agus foilsithe ag na húdaráis áitiúla tailte a chomhlíonann na critéir ábhartha le bheith ar an léarscáil mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Is faoi na Coimisinéirí Ioncaim atá sé an CTCC a riar. 

Is féidir teacht ar an reachtaíocht atá mar bhuntaca leis an CTCC ag Cuid 22A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. Is féidir treoir maidir le riarachán na cánach a fháil anseo.

Is féidir Treoir maidir leis an gCáin Talún Chreasa Chónaithe, arna hullmhú agus arna foilsiú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chun cabhrú le húdaráis phleanála na léarscáileanna a fhoilsiú, a fheiceáil anseo.

Is féidir leat freagraí a fháil ar roinnt ceisteanna coitianta faoin CTCC agus conas aighneacht a dhéanamh anseo

 

Aighneacht a dhéanamh

 

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh faoin 1 Aibreán chun:

  • Talamh breise a shainaithint a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme, ach nach n-áirítear sa dréacht-léarscáil bhliantúil;
  • Agóid a dhéanamh i gcoinne talamh atá ar an léarscáil má mheasann an t-úinéir nach gcomhlíonann an talamh na critéir lena gcinntear an talamh atá faoina raon feidhme;
  • Agóid a dhéanamh i gcoinne an dáta óna meastar an talamh a bheith faoi raon feidhme; agus/nó tacú leis an eisiamh atá beartaithe maidir le talamh.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh faoin 31 Bealtaine chun athrú a iarraidh ar chriosú talún a shainaithnítear ar an dréacht-léarscáil bhliantúil le haghaidh 2025.
 

Tabhair faoi deara nach mór d’aighneacht an suíomh a shainaithint go soiléir agus an t-athrú (i.e. eisiamh talún ar léarscáil údaráis áitiúil, nó an dáta ar chomhlíon an suíomh na critéir le bheith ar an léarscáil den chéad uair) ar mhapáil Cáin ar Thalamh Chriosaithe Cónaithe atá á lorg agat, chomh maith le bonn cirt a thabhairt don athrú atá á lorg. Ní mór na critéir atá leagtha amach in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 ar a mbraitheann tú i d’aighneacht maidir leis an talamh a bheith laistigh nó lasmuigh den raon feidhme a lua san aighneacht. Féadfaidh an t-údarás áitiúil faisnéis bhreise a iarraidh freisin tar éis d’aighneacht a fháil (e.g. cruthúnas úinéireachta nó tuilleadh faisnéise). 

Aighneachtaí ó úinéirí talún

Má tá aighneacht á déanamh agat maidir le talamh atá faoi úinéireacht agat nó thar ceann úinéir na talún, tabhair an méid seo a leanas faoi deara:

  • D'ainm agus do sheoladh
  • Ní mór léarscáil ón tSuirbhéireacht Ordanáis a bheith in éineacht le haighneachtaí ó úinéir talún maidir lena thalamh féin, ar a dtaispeántar an mhaoin ar scála cuí, 1:1000 (ceantair uirbeacha) nó 1:2500 (limistéir thuaithe) atá oiriúnach chun an talamh atá i gceist a aithint. Tabhair faoi deara go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil cruthúnas ar úinéireacht láithreáin a iarraidh.
  • Má tá do thalamh ar an léarscáil, b’fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a tharraingt ar ábhair a léiríonn nach bhfuil an talamh faoi raon feidhme na cánach, nó nach bhfuil an dáta a measadh an talamh a bheith faoi raon feidhme ceart agus gur chóir é a athrú. 
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 – ba chóir d’aon aighneacht iad seo a tharchur mar aon le fianaise le breithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiamh ba chóir a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir sin freisin má fhéachann an t-iarratas le talamh breise a chur san áireamh ar an léarscáil.
  • Ba cheart go leagfaí amach sa taisceadh aon bhonn cirt le talamh a áireamh nó a eisiamh,

maidir leis na critéir sa reachtaíocht.

  • Má tá aighneacht á déanamh agat maidir le criosú, tabhair faoi deara nach féidir aighneacht ina n-iarrtar athrú ar chriosú a dhéanamh ach amháin maidir le talamh atá ar an léarscáil cheana féin.
  • I gcás ina n-iarrtar athrú criosaithe úsáide talún, ní mór an aighneacht a fháil an 31 Bealtaine nó roimhe agus ba cheart don úinéir talún a leagan amach cén fáth a bhfuil an t-athrú criosaithe ar mhaithe le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir, chomh maith le haon imthosca eile ar mian leo aird an údaráis áitiúil a tharraingt orthu.

Aighneachtaí ó Thríú Páirtí

Má tá aighneacht á déanamh agat faoi thalamh nach bhfuil tú i d’úinéir, is aighnitheoir tríú páirtí thú. Ní féidir le tríú páirtithe aighneacht a dhéanamh maidir le criosú.

Ba cheart duit na nithe seo a leanas a chur san áireamh i d’aighneacht:

  • D'ainm agus do sheoladh
  • Eolas chun an talamh a aithint - cur síos scríofa, Éirchód nó léarscáil leis an limistéar atá leagtha amach. Sa chás nach féidir leis an údarás áitiúil an talamh a aithint b’fhéidir nach mbeidh siad in ann an aighneacht a chur san áireamh.
  • Maidir le talamh ar an léarscáil, b’fhéidir gur mhaith leat aird an údaráis áitiúil a tharraingt ar nithe a léiríonn nach bhfuil an talamh ag teacht leis an gcáin, nó nach bhfuil an dáta a measadh go raibh an talamh faoi raon feidhme ceart agus gur chóir é a athrú. 
  • An bhfuil an talamh ar an dréacht-léarscáil faoi láthair agus an bhfuil d’aighneacht ag moladh gur cheart é a mheas i raon feidhme na cánach?
  • Tagairt do chritéir in Alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 – ba chóir d’aon aighneacht iad seo a tharchur mar aon le fianaise le breithniú ag an údarás áitiúil chun tacú le haon éilimh maidir le cineál seirbhísithe na talún nó aon eisiamh ba chóir a chur i bhfeidhm. Ní mór tagairt a dhéanamh do na critéir sin freisin má fhéachann an t-iarratas le talamh breise a chur san áireamh ar an léarscáil.
  • Ba cheart go leagfaí amach sa taisceadh aon bhonn cirt le talamh a áireamh nó a eisiamh,

maidir leis na critéir sa reachtaíocht.

 

Cén fhormáid inar cheart an aighneacht a dhéanamh?


Is féidir aighbneachtaí a dhéanamh sea leanas:

  • Ar line ag link
  • Ríomhpost go:  rzlt@corkcity.ie  nó
  • Scríobh go Aighneachtaí RZLT, Forbairt Straitéiseach agus Eacnamaíoch, Comhairle Cathrach Chorcaí | Halla na Cathrach, Corcaigh T12 T997

Ní mórduit d’aighneacht ar dhéanamh i bhformáid amháin le do thoil. i.e. ar line, ríomhphost nó i litir.

Maidir le haon aighneacht a dhéanamh, bíodh sé ag an úinéir talún nó ag tríú páirtí, tabhair an méid seo a leanas faoi deara:   

 

  • Faightear na eolas pearsanta (sonraí) a bhailítear le linn an phróisis chomhairliúcháin d’fhonn aighneachtaí a fháil agus déileáil leo.
  • Is féidir na sonraí teagmhála a chuirtear ar fáil a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le haighneachtaí a éilíonn gurb é úinéir talún ar láithreán ar leith é. Beidh sé seo chun fianaise a iarraidh de réir mar is gá chun a n-úinéireacht ar an láithreán a chruthú, nó chun tuilleadh faisnéise a iarraidh ón úinéir talún.
  • Féadfaidh údarás áitiúil, i gcás ina measann sé gur gá sin chun an cinneadh a dhéanamh, tuilleadh faisnéise a iarraidh ar Uisce Éireann, ar an Údarás um Bóithre Náisiúnta nó ar dhuine dá dtagraítear in airteagal 28 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi conas a phróiseálann [údarás áitiúil] Sonraí Pearsanta, féach ar ár Ráiteas Príobháideachais  GDPR - Cork City Council
  • Sainaithin aon chuid de d’aighneacht ina bhfuil sonraí pearsanta nó sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus nach mian leat a fhoilsiú. 

 

Cad a Tharlaíonn Ansin

Déanfar gach aighneacht scríofa a mheas. Déanfaidh an t-údarás áitiúil cinneadh i scríbhinn maidir le haighneachtaí ó úinéirí talún. I measc na bpríomhchéimeanna a ghlacfaidh an t-údarás áitiúil sula bhfoilseofar an léarscáil bhliantúil deiridh, tá na nithe seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh.

Dréacht-Léarscáil Bhliantúil
 

  • Foilseofar aighneachtaí a gheofar maidir leis an dréacht-léarscáil bhliantúil ar shuíomh gréasáin na n-údarás áitiúil faoin 11 Aibreán 2024 (nóta: déantar sonraí pearsanta, i.e. ainm, seoladh an aighnitheora agus sonraí teagmhála an aighnitheora, a fholú, ach foilsítear suíomh na dtailte lena mbaineann an aighneacht mar aon le forais na haighneachta).
  • I gcás ina n-iarrann úinéir talún go n-eisiafaí a láithreán ón dréacht-léarscáil bhliantúil ar an mbonn nach gcomhlíonann sé na critéir maidir le bheith faoi raon feidhme, nó i gcás ina ndéanann sé agóid i gcoinne an dáta óna gcomhlíonann talamh ar an léarscáil na critéir sin, ní mór don údarás áitiúil fógra a thabhairt don úinéir maidir lena chinneadh tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2024.
  • Ní mór don úinéir talún achomharc ar chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneacht úinéir talún ar an dréacht-léarscáil bhliantúil a thaisceadh leis an mBord Pleanála faoin 1 Lúnasa 2024.
  • Déanann an t-údarás áitiúil breithniú ar aighneachtaí maidir le hathchriosú.  Tá cinneadh maidir le dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathrú atá beartaithe ar an bplean reachtúil úsáide talún le cur in iúl i scríbhinn don úinéir talún ábhartha faoin 31 Iúil 2024.  Níl aon achomharc maidir le hiarratais athchriosaithe chuig an mBord Pleanála.

Sa chás gur iarr duine go gcuirfí suíomh leis an dréacht-léarscáil agus go measann an t-údarás áitiúil gurb ionann láithreáin a ndearnadh aighneachtaí ina leith nó atá bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don údarás áitiúil, agus tailte a shásaíonn na critéir ábhartha ansin sainaithneofar na láithreáin sin ar an gcéad dréacht-léarscáil bhliantúil eile a fhoilseoidh an t-údarás áitiúil an 1 Feabhra 2025.

An féidir liom achomharc a dhéanamh ar chinneadh ón údarás áitiúil?

Tá go dtí an 1 Lúnasa 2024 ag úinéir talún achomharc a dhéanamh ar chinneadh an údaráis áitiúil maidir le haighneachtaí a rinneadh i ndáil lena láithreán a eisiamh ón dréacht-léarscáil bhliantúil ar an mbonn nach gcomhlíonann sé na critéir chun bheith faoi raon feidhme, nó agóid a dhéanamh i gcoinne an dáta ónar chomhlíon talamh ar an léarscáil dáta na gcritéar seo chuig an mBord Pleanála. Ní mór achomhairc a dhéanamh i scríbhinn ina leagtar amach forais an achomhairc. Níl aon fhoráil ann do thríú páirtí achomharc a dhéanamh ar chinneadh údaráis áitiúil talamh a choinneáil nó a bhaint de dhréacht-léarscáil bhliantúil.

 

Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas mapála agus aighneachtaí?

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil ar an bpróiseas dréacht-léarscáil bhliantúil nó ar aighneacht a dhéanamh, seiceáil le do thoil ‘Do Cheisteanna a fhreagairt’ atá le fáil anseo. Má bhaineann do cheist le limistéar talún ar leith nó mura bhfuil an freagra le fáil i gCeisteanna Coitianta déan teagmháil leis an Rannóg Pleanála.

Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin Gov.ie/RZLT.

Mar a leagtar amach thuas, tá dhá chuid sa phróiseas CTCC.  Ceanglaítear ar údaráis áitiúla tabhairt faoin mapáil a aithníonn an talamh atá faoi réir na cánach, lena n-áirítear léarscáil bhliantúil deiridh a fhoilseofar den chéad uair an 31 Eanáir 2025, agus a ndéanfar athbhreithniú bliantúil air. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi riaradh na cánach.

Ós rud é nach riarann an t-údarás áitiúil an cháin ní féidir linn aon cheisteanna maidir le riar na cánach a fhreagairt. Ba chóir gach ceist maidir le riar na cánach a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Ag féachaint do róil na n-údarás áitiúil agus na gCoimisinéirí Ioncaim faoi seach i bpróiseas CTCC, ba cheart fiosruithe maidir leis an mapáil a dhéanamh chuig Comhairle Cathrach Chorcaí. Áirítear leis sin fiosruithe maidir le;

  • Critéir chun a chur san áireamh ar dhréacht-léarscáil bhliantúil
  • Aighneachtaí ar dhréacht-léarscáil bhliantúil
  • Cinntí ar dhréacht-léarscáil bhliantúil
  • Aighneachtaí criosaithe
  • Achomhairc (nach mór a chur faoi bhráid an Bhoird Pleanála)
  • Léarscáil dheiridh bhliantúil

Cuireann láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim sonraí ar fáil maidir le riarachán ginearálta na cánach agus naisc chuig treoir chuimsitheach maidir leis an gcáin. Cuireann suíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim sonraí ar fáil freisin maidir le

  • Daoine atá faoi dhliteanas
  • Méid na cánach talún criosaithe cónaithe
  • Oibleagáid clárú
  • Oibleagáid ar an duine atá faoi dhliteanas tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh
  • Iarchur Cánach Talún Criosaithe Cónaithe nó díolúintí ón gCáin sin
  • Conas teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim le fiosruithe maidir le riar CTCC

 

Cad a dhéanfaidh mé má tá mé i m’Úinéir Tí

Tá mo theach agus mo ghairdín ar an léarscáil. Cad é an toradh?

Aithnítear do theach agus do ghairdín ar an léarscáil toisc go gcomhlíonann sé na critéir le haghaidh na cánach, atá bunaithe ar chriosuithe faoi stiúir cónaithe agus seirbhísiú ag bonneagar atá oiriúnach chun tithíocht a sholáthar.  Níl an teach agus an gairdín faoi dhliteanas na cánach, fad is atá an teach faoi réir na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).

An gá dom aighneacht a dhéanamh?

Níl sé riachtanach. Fiú má aithnítear do theach ar na léarscáileanna, níl áit chónaithe faoi dhliteanas na cánach sa chás go bhfuil siad faoi réir CMÁ. 

Cad a tharlaíonn má tá mo ghairdín níos mó ná 0.4047 ha (1 acra)

Má tá do ghairdín níos mó ná an méid sin, ní mór duit clárú don CTCC leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh do theach ná do ghairdín faoi dhliteanas na cánach. Beidh tú in ann clárú le haghaidh CTCC ó mhí na Nollag 2024 ar aghaidh. Ní gá aon ghníomh a dhéanamh chun clárú ag an am seo.  Féach ar revenue.ie  website chun sonraí a fháil maidir leis an bpróiseas clárúcháin níos gaire don am.

 

Bosca téacs an leathanaigh gréasáin – moladh é a úsáid ar leathanaigh ghréasáin.

Critéir maidir le háireamh ar an léarscáil

Deir alt 653B den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997:-

Sa Chuid seo, aon tagairt do thalamh a chomhlíonann na critéir iomchuí, is tagairt í do thalamh—

(a) go bhfuil sí ar áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2) (a) d’Acht 2000, nó i bplean limistéir áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht 2000, arna chriosú—

                (i) go haonarach nó go príomha le haghaidh úsáide cónaithe, nó

                (ii) ar mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaitheach,

(b) go bhfuil sé réasúnach a bhreithniú go bhféadfadh rochtain a bheith aige, nó a bheith curtha i gceangal, ar bhonneagar poiblí agus ar shaoráidí poiblí, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil séarachais salach, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, is gá chun teaghaisí a fhorbairt agus a bhfuil cumas seirbhíse leordhóthanach acu le haghaidh na forbartha sin, agus

(c) go bhfuil sé réasúnach breithniú a dhéanamh, i dtéarmaí a staide coirp, ar nithe atá sách mór chun cosc a chur le soláthar teaghaisí, lena n-áirítear éilliú nó taisí aitheanta seandálaíochta nó stairiúla a bheith ann, ach nach talamh é—

                (i) dá dtagraítear i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt (de réir              Acht 2000) agus don fhorbairt sin amháin, nach forbairt neamhúdaraithe (de réir bhrí          Acht 2000) í, atá á húsáid mar áitreabh, ina bhfuil trádáil nó gairm á seoladh, ar          forbairt í atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála a íoc, ar forbairt í ar réasúnach breithniú a dhéanamh uirthi chun     seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí limistéar cónaithe tadhlach,

                (ii) dá dtagraítear i mír (a)(ii), mura rud é go bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil an talamh        folamh nó díomhaoin,

                (iia) nach mbeadh a bhforbairt de réir na nithe seo a leanas—

(I) i gcás ina ndéantar an talamh a chriosú i bplean forbartha, an bonn céimnithe ar           dá  réir a bheidh forbairt talún le tarlú faoin bplean, mar   a shonraítear sa                chroístraitéis atá ar áireamh sa phlean sin de réir alt 10(2A)(d) d’Acht 2000, nó

(II) i gcás ina ndéantar an talamh a chriosú i bplean limistéir áitiúil, an cuspóir, i gcomhréir le         cuspóirí agus croístraitéis an phlean forbartha don limistéar i leith ar plean é a                ullmhófar an plean limistéir áitiúil, chun talamh a fhorbairt ar bhonn céimnithe, atá                ar áireamh sa phlean limistéir áitiúil de réir alt 19(2) d’Acht 2000,

ar an dáta a mbeidh comhlíonadh na gcritéar san alt seo á measúnú,

 

(iii) go bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil sé ag teastáil le haghaidh áitiú, nó go bhfuil sé ina chuid dhílis d’áitiú—

(I) bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun críocha riaracháin phoiblí nó chun críocha oideachais nó cúraim sláinte a sholáthar,

                                (II) saoráidí agus bonneagar iompair,

                                (III) bonneagar agus saoráidí fuinnimh,

                                (IV) bonneagar agus saoráidí teileachumarsáide,

                                (V) bonneagar agus saoráidí uisce agus fuíolluisce,

                                (VI) bonneagar bainistithe agus diúscartha dramhaíola, nó

                                (VII) bonneagar áineasa, lena n-áirítear saoráidí spóirt agus clóis súgartha,

                (iv) atá faoi réir ainmniú reachtúil lena bhféadfar forbairt a chosc, nó

                (v) ar a bhfuil an tobhach ar láithreáin thréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990.

 

               

 

 

 


 

Ceisteanna

C1. Exact Site Address
C2. Is this a permanently occupied home? Yes/No
C3. Are you the land owner? Yes/No
C4. Do you wish to identify a site to be included or excluded on the register liable for the Residential Zoned Land Tax? Inclusion/Exclusion
C5. For sites to be excluded please indicate Parcel ID(s) for sites referenced on the draft map (Format: CCLAXXX)
C6. Give reasons why you wish your site to be included/excluded.
C7. Do you wish to appeal the date on which the site was identified to be included? Yes/No
C8. Declaration I have submitted an OSI Map identifying the site as is required in the legislation if you are the landowner. Yes/No
C9. I wish to make a rezoning submission requesting a change of zoning to non residential permitted use to remove said lands from the residential zoned land tax database/register map. Yes/No
C10. Comments/Observations

Litir Chlúdaigh (Roghnach)

Glac síntiús